Tá dea-phrionsabail dearaidh agus ardchaighdeán fearais, feistis agus trealamh an Fhorhalla mar na heilimintí bunúsacha nuair atáthar ag comhcheangal timpeallacht forbartha ghairmiúil, teaghlach compordach do dhaoine óga agus a gcuid cuairteoirí, agus foráil a mheallfaidh grúpaí pobail áitiúla chun úsáid a bhaint as na háiseanna. Láithreach bonn léiríonn an fhoireann fíor-spreagtha, atá á chomhlánú ag timpeallacht oibre agus maireachtála den chéad scoth, an misean chun rathúlacht a bhaint amach agus lucht cónaithe agus baill foirne a sholáthar le timpeallacht ar féidir leo a bheith broidiúil as.
Soláthraíonn an Forhalla timpeallacht spreagthach agus tacúil ina spreagtar forbairtí dearfacha ar bhonn pearsanta agus acadúil araon, ag feistiú daoine fásta óga leis na scileanna atá de dhíth chun leanúint ar aghaidh ón spleáchas chuig an neamhspleáchas. Déanaimid tréaniarracht scileanna maireachtála neamhspleácha a fhorbairt trí chláir oiliúna comhtháthaithe agus Pleananna Tacaíochta glansoiléire, ag cumasú daoine fásta óga a bpoitéinseal iomlán a fhíorú agus glacadh lena n-áit cheart sa phobal. “Tá teaghlach, tacaíocht agus preabchlár chun na hoibre, na foghlama agus na maireachtála neamhspleách de dhíth ar gach duine óg. Ní fhaigheann cuid acu é. Líonann Forhallaí an Bearna”– Foyer Federation